https://www.vaticannews.va/en/pope/news/2020-10/pope-ted-countdown-climate-change-video-message.html
Ciorcal TedxCrannTreesforIreland . Ar Zoom. Beidh an ócáid seo sa sraith TedxCountdown Circles, Ciorcal Chomhaireamh síos Tedx, an 6ú ócáid dúinn a eagrú. An chéad ceann Gaelach ar aithne dúinn! Toisc gur lá naofa atá ann, beidh muid ag féachaint ar an scannán agus ansin ag plé leis an dteachtaireacht ón bPápa Proinsias anseo; (as Iodálais – is féidir é a léamh as Béarla. Oiriúnach do dhaoine fásta agus déagóirí. #StopagCaintTosaighagCur
beidh duine óg ag cur crann dúchasach mar a tharlaíonn i gcónai i rith an lae. Bíodh cupán deas tae agat sa bhaile, no caife, réidh don gcóisir. An mbeidh ríl againn? Beidh sos rinnce againn ar aon nós, bíodh bróga oiriúnacha ort agus déanfaimid iarracht ar an damhsa “Lá le Pádraig” le chéile. Tráth na gceist faoi “Chonair na gCrann” an sraith scannáin déanta againn faoi chrainn dúchasacha na hÉireann.Agus chun críoch a chur ar an uair a chloig, tá fonn orainn “Aois teacht an Earraigh” a chanadh leis an ngiotár!
Tá cabhair iarraithe again ó #SNAG agus #Cnag chun An fearas oideachais ar fad atá ag teastáil don ócáid seo; maraon le crainn, láimhíní, uirlisí plandála, agus duaiseanna oiriúnacha don tráth na gceist.
Ciorcal Gaelach TedxCrannTreesforIreland le cóisir caife!, 17.3.2021 at 11.00 r.n., láthair Zoom; Seol ríomhphost do thicéad (srianta; 3 an duine) go easytreesie@gmail.com le Ciorcal TedxCrannTreesforIreland sa cheann-líne