Is féidir ainmneacha na 28 crainn dúchasacha na hÉireann a fheiceáil as Gaeilge ar ár sraith scannáin beag, “The Irish Tree Trail”.



Le déanai bhunaigh muid “Slí na gCrann” i bpáirc Ghleann an Tolcadh; ar mhaith leat do shlí féin a dhéanamh? Is féidir leat cailc a úsáid ar an gcasán má tá tú i do gháirdín féin. Féach timpeall do áit cónaithe féin; an bhfuil aon cheann de na crainn luaite sa bhaile agat? D’osclaíomar an slí seo i rith Seachtain na Gaeilge le Energia le déanai!
Cén Áit; Páirc Abhainn an Tulcha
Cé bhí ann; Múinteoiri agus páistí scoile ó Scoil N. Maolsheachlain, Fine Glas. 50 I láthair. Tacaíocht ó scoláirí TU Átha Cliath agus DCU ón ngrupa “Enactus”, Cumann Coille Sórd Cholmcille, an comhluadar áitiúil agus foireann Chomhairle Contae Átha Cliath.
“An Crannchur chun Crann a Chur; Tráth na gCeist faoi Chrainn Dúchasacha na h-Éireann. Crannchur nuais a roghnaíonn muid as an Hata Glas na páistí a dhéanfaidh na crainn a chur ar dtús.
Foghlaimíonn na páistí ainmneacha na gcrann le cur; beith, coll agus dair. Anois tá Slí na gCrann again cois na h-abhann.
Cuireann na daltai 100 crann i ndá nóiméad – tá an tochailt déanta roimh ré ag na daoine fásta! Is ócáid é seo atá páirteach I Seachtain Náisiúnta na g-Crann. Chuir an an tionscnamh Easy Treesie – Crann tús leis an tionscnamh seo sa pháirc seo anuraidh le 1005 crann le trí scoileanna áitiúla agus i mbliana cuireadh 4,360 leis an líon seo le cabhair ó Árd Mhéara Átha Cliath agus Seachtain Náisiúnta na hEolaíochta.